Tar agus Déan Taiscéaladh ar an Eastát is áille agus is rúndiamhraí in Éirinn.
Gairdíní Chúirt an Phaoraigh
Vótáilte ag National Geographic mar Uimh. 3 i liosta de na deich ngairdín is fearr ar domhan
Suite i dtuath fhiáin Chill Mhantáin, le Sliabh Cualann os a gcomhair amach, síneann Gairdíní Chúirt an Phaoraigh thar 47 acra agus tugann siad radharcanna áille ar an tuath máguaird. Lig do scíth timpeallaithe ag an dúlra agus tírdhreachanna áille na hÉireann. Bain taitneamh as dul ar shiúlóid trí na Gairdíní Iodálacha agus siúláin fhoirmeáilte Ghairdíní an Róis agus na Cistine. I measc na ngnéithe uathúla tá na Gairdíní Seapánacha ina bhfuil lúbra de shiúláin agus fochlaí folaithe agus an Reilig Pheataí is mó in Éirinn.
Teach Chúirt an Phaoraigh
Vótáilte mar cheann de na deich dTeach Mhóra agus Mainteach is fearr ar domhan ag treoirleabhar Lonely Planet
Tá radharcanna áille de thuath ghlas, fhéarmhar na hÉireann le feiceáil ó Theach Chúirt an Phaoraigh. Tá réimse siopaí ann a bhfuil togha agus rogha de dhearadh agus d’fhéiríní na hÉireann le fáil iontu, lena n-áirítear faisean, seoideoireacht, ealaíona agus ceardaíochta áitiúla agus bia traidisiúnta Éireannach. Lig do scíth ag Caifé Avoca Terrace i dTeach Chúirt an Phaoraigh. Bain taitneamh as bia ceardaí Éireannach lena n-áirítear aráin, sailéidí úra agus cácaí milse.
Eas Chúirt an Phaoraigh
Tabhair cuairt ar an eas is airde in Éirinn
Faigh blaiseadh den eas is airde in Éirinn ag Eastát Chúirt an Phaoraigh. Bain pleisiúr as 121m d’uisce cascáideach, suite i bhfearann páirce álainn ag bun Shléibhte Chill Mhantáin. Is tearmann é an t-Eas d’fhiadhúlra, an fia Seapánach agus an t-iora rua dúchasach ina measc. Is féidir le clanna taitneamh a bhaint as picnic agus pléisiúr a bhaint as an áit súgartha agus conairí dúlra gairide
Club Gailf Chúirt an Phaoraigh
Vótáilte mar an t-Ionad Fearann Páirce is fearr in Éirinn 2014
Níl a lán áiteanna sa domhan cosúil le Club Gailf Chúirt an Phaoraigh; ag maíomh dhá chraobhchúrsa gailf i suíomh álainn is siombal í Cúirt an Phaoraigh d’áilleacht nádúrtha na hÉireann. Vótáilte le déanaí mar an fearann páirce is fearr in Éirinn, tá áthas an domhain ar Chlub Gailf Chúirt an Phaoraigh glacadh le haíonna ó cheann ceann na bliana
Óstán Chúirt an Phaoraigh
Fág an domhan i do dhiaidh ag an ionad saoire sómasach seo
Tá Óstán Chúirt an Phaoraigh ar cheann de na hóstáin cúig réalt is fearr in Éirinn agus tá sé suite i gceann de na heastáit is stairiúla agus is áille sa tír. Is pálás Palláideach é an t-ionad saoire 200 chéad seomra seo a thairgeann an iliomad áiseanna do chuairteoirí. I measc na nithe sainiúla is díol spéise do chuairteoirí san Óstán seo tá spá 30, 000 troigh cearnógach agus bia beadaí. Bain taitneamh as teach tábhairne Mc Gill; fíor-eispéireas de theach tábhairne Éireannach barántúil.
Amanna Oscailte
Gairdíní Chúirt an Phaoraigh
Go laethúil 9.30 – 5.30 i.n.
Dúnann na Gairdíní le clapsholas sa gheimhreadh
Bíonn na Gairdíní ar oscailt ó cheann ceann na bliana agus ní dhúnann siad ach ar an 25 & 26ú Nollaig
Bálseomra agus Seomraí Gairdín
Dé Domhnaigh 9:30 r.n. -1:30 i.n. -An bhliain ar fad
Dé Luain 9:30 r.n. – 1:30 i.n. – Bealtaine – Meán Fómhair
Caifé Avoca Terrace
Go laethúil: 9.30 r.n. – 5.00 i.n.
Eas Chúirt an Phaoraigh
Ean/Feabh/Samh/Noll 10.30 r.n. – 4.00 i.n.
Már/Aib/MFomh/DFomh 10.30 r.n. – 5.30 i.n.
Beal/Meith/Iúil/Lún 9.30 r.n. – 7.00 i.n.
Dúnta dhá sheachtain roimh Nollaig
Praghasanna Ticéid
Táillí Iontrála do na Gairdíní 1ú Márta – 31ú Meán Fómhair
Daoine Fásta €10.50
Mac Léinn/Pinsinéir €8.50
Leanbh (F 16) €5.00
Leanbh (F 5) Saor
Ticéad Clainne €25.00 (2 dhuine fásta & suas le 3 pháiste)
Táillí Iontrála do na Gairdíní 1ú Samhain-28ú Feabhra
Daoine Fásta €8.00
Mac Léinn/Pinsinéir €7.00
Leanbh (F 16) €3.50
Leanbh (F 5) Saor in aisce
Ticéad Clainne €18.00 (2 dhuine fásta & suas le 3 pháiste)
Táillí Iontrála don Eas
Daoine Fásta €6.00
Mac Léinn/Pinsinéir €5.50
Leanbh (F 16) €3.50
Páistí (F2) Saor in aisce
Ticéad Clainne €16.00 (2 dhuine fásta & suas le 3 pháiste)