Tá teach agus gairdíní áille Chúirt an Phaoraigh suite laistigh den eastát 1,000 acra Chúirt an Phaoraigh i gContae Chill Mhantáin. Déan taiscéaladh ar 47 acra de ghairdíní, breathnaigh ar an dearadh Éireannach is breátha inár siopaí agus bain taitneamh as bia blasta den scoth i gCaifé Avoca Terrace. Tá dhá chraobhchúrsa gailf, an t-eas is airde in Éirinn agus óstán Chúirt an Phaoraigh le fáil ar an eastát chomh maith.
Tar isteach, Déan taiscéaladh, Aimsigh Cúirt an Phaoraigh
An raibh fhios agat?
Fear darbh ainm La Poer, ar cuireadh an leagan Béarla ‘Powerscourt’ air thar na blianta, ab ea úinéir bunaidh Eastát Chúirt an Phaoraigh. Sloinne is ea é La Poer de bhunadh na Fraince.
Dearadh gairdíní Chúirt an Phaoraigh faoi thionchar cuairteanna a thug an t-Iarla Powerscourt ar eastáit cháiliúla, Chateau de Versailles i bPáras ina measc.
Spreag cuairteanna chuig páláis agus eastáit Eorpacha an tIarla Powerscourt chun an gairdín a mhaisiú le déantáin ón Eoraip. Thug an 7ú Bíocunta an Dolphin Pond, atá i nGairdíní Chúirt an Phaoraigh, ar ais leis ó Pháras ag deireadh an naoú haois déag.
Bhí an scairdeán álainn ‘Spitting Men’ mar chuid de ghrúpa scairdeán ag an bPalais Royal i bPáras sular tugadh é chuig Cúirt an Phaoraigh sa bhliain 1872.
Dealbhaíodh na gairdíní as Sléibhte Chill Mhantáin chun gairdín a chruthú atá ina dhlúthchuid de thírdhreach na hÉireann.
Le radharcanna áille ar Shliabh Cualann agus an tír mórthimpeall, beidh tú in ann a fheiceáil cad chuige a nglaoitear ‘Gáirdín na hÉireann’ ar Chill Mhantáin.
Tá Cúirt an Phaoraigh suite in aice le sráidbhaile pictiúrtha Áth na Sceire, áit a bhfuil caiféanna bríomhara agus siopaí ceardaíochta le fáil go flúirseach
Amanna Oscailte
Gairdíní Chúirt an Phaoraigh
Go laethúil 9.30 – 5.30 i.n.
Dúnann na Gairdíní le clapsholas sa gheimhreadh
Bíonn na Gairdíní ar oscailt ó cheann ceann na bliana agus ní dhúnann siad ach ar an 25 & 26ú Nollaig
Bálseomra agus Seomraí Gairdín
Dé Domhnaigh 9:30 r.n. -1:30 i.n. -An bhliain ar fad
Dé Luain 9:30 r.n. – 1:30 i.n. – Bealtaine – Meán Fómhair
Caifé Avoca Terrace
Go laethúil: 9.30 r.n. – 5.00 i.n.
Eas Chúirt an Phaoraigh
Ean/Feabh/Samh/Noll 10.30 r.n. – 4.00 i.n.
Már/Aib/MFomh/DFomh 10.30 r.n. – 5.30 i.n.
Beal/Meith/Iúil/Lún 9.30 r.n. – 7.00 i.n.
Dúnta dhá sheachtain roimh Nollaig
Praghasanna Ticéid
Táillí Iontrála do na Gairdíní 1ú Márta – 31ú Meán Fómhair
Daoine Fásta €10.50
Mac Léinn/Pinsinéir €8.50
Leanbh (F 16) €5.00
Leanbh (F 5) Saor
Ticéad Clainne €25.00 (2 dhuine fásta & suas le 3 pháiste)
Táillí Iontrála do na Gairdíní 1ú Samhain-28ú Feabhra
Daoine Fásta €8.00
Mac Léinn/Pinsinéir €7.00
Leanbh (F 16) €3.50
Leanbh (F 5) Saor in aisce
Ticéad Clainne €18.00 (2 dhuine fásta & suas le 3 pháiste)
Táillí Iontrála don Eas
Daoine Fásta €6.00
Mac Léinn/Pinsinéir €5.50
Leanbh (F 16) €3.50
Páistí (F2) Saor in aisce
Ticéad Clainne €16.00 (2 dhuine fásta & suas le 3 pháiste)