Fáilte go Cúirt an Phaoraigh

Tar isteach, Déan taiscéaladh, Aimsigh Cúirt an PhaoraighTá teach agus gairdíní áille Chúirt an Phaoraigh suite laistigh den eastát 1,000 acra Chúirt an Phaoraigh i gContae Chill Mhantáin. Déan taiscéaladh ar 47 acra de ghairdíní, breathnaigh ar an dearadh Éireannach is breátha inár siopaí agus bain taitneamh as bia blasta den scoth i gCaifé Avoca Terrace. Tá dhá chraobhchúrsa gailf, an t-eas is airde in Éirinn agus óstán Chúirt an Phaoraigh le fáil ar an eastát chomh maith.

Tar isteach, Déan taiscéaladh, Aimsigh Cúirt an Phaoraigh

An raibh fhios agat?

  • Fear darbh ainm La Poer, ar cuireadh an leagan Béarla ‘Powerscourt’ air thar na blianta, ab ea úinéir bunaidh Eastát Chúirt an Phaoraigh. Sloinne is ea é La Poer de bhunadh na Fraince.
  • Dearadh gairdíní Chúirt an Phaoraigh faoi thionchar cuairteanna a thug an t-Iarla Powerscourt ar eastáit cháiliúla, Chateau de Versailles i bPáras ina measc.
  • Spreag cuairteanna chuig páláis agus eastáit Eorpacha an tIarla Powerscourt chun an gairdín a mhaisiú le déantáin ón Eoraip.  Thug an 7ú Bíocunta an Dolphin Pond, atá i nGairdíní Chúirt an Phaoraigh, ar ais leis ó Pháras ag deireadh an naoú haois déag.
  • Bhí an scairdeán álainn ‘Spitting Men’ mar chuid de ghrúpa scairdeán ag an bPalais Royal i bPáras sular tugadh é chuig Cúirt an Phaoraigh sa bhliain 1872.
  • Dealbhaíodh na gairdíní as Sléibhte Chill Mhantáin chun gairdín a chruthú atá ina dhlúthchuid de thírdhreach na hÉireann.
  • Le radharcanna áille ar Shliabh Cualann agus an tír mórthimpeall, beidh tú in ann a fheiceáil cad chuige a nglaoitear ‘Gáirdín na hÉireann’ ar Chill Mhantáin.
  • Tá Cúirt an Phaoraigh suite in aice le sráidbhaile pictiúrtha Áth na Sceire, áit a bhfuil caiféanna bríomhara agus siopaí ceardaíochta le fáil go flúirseach